Lá fuar fomhair a bhí ann. Bhí sé scamallach, gaofar agus ceomhar. Breithlá Ciarán a bhí ann. Bhí sé trí bliaina déag daois. Bhí an sorcas ag teacht go dtí lár na cathrach. Chuaigh mé féin, Ciarán agus Aoife ann. Bhí sceitimíní orainn. Nuair a shroicheamar an sorcas, thugamar airgead do fhear amháin agus shiúileamar isteach.
Tar éis cúpla nóiméad, cheannaíomar milseáin agus thosaigh an sorcas. Ar dtús, rith an fear grinn amach. Go tobann, shleamhaigh sé ar an talamh. Bhíomar ag gáire gan stad. Ansin, shiúil moncaí, eilifint, rón agus madraí amach. Léim na madraí suas san aer, thosaigh an moncaí ag damhsa ar dhroim eilifint agus bhí an rón ag sugradh le liathróid. Go tobann, thit an moncaí ar an talamh. Thosaigh sé ag caoineadh. Rith fear amháin ar an stáitse agus chuidigh sé leis an moncaí suas. Moncaí bocht. Ar dheireadh, ghlaoigh siad ar chlann amháin. Shiúil siad ar an stáitse, chaith siad uisce orthu agus bhí siad fluich báite.
Sheasamar suas agus thosaíomar ag bualadh bos. Thaitin an sorcas go mór linn. Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an oíche sin go deo.