Timpiste ar an gcosán le Laurynas

Lá Geimhreadh i dtús an Samhain a bhí ann. Ní raibh brat bán sneachta ar an talamh ach bhí an leac oighir i gach áit. Bhí an lá feannaideach.

Dhúisigh mé ar a hocht a chlog ar maidin. Chuir mé mo eadaí orm, d’ith mé mo bhricfeasta [ bhí sé go hiontach ] agus chuaigh mé go dtí an scoil.

Chuaigh mé ar an mbus ar feadh leathuair a chloig agus nuair a chuaigh mé amach ón mbus. Go tobann shleamhnaigh mé ar an leac oighir.

Bhí mé ag screadaíl agus ag caoineadh. Bhí mo lamh an-tinn. Chonaic an seanfhear an timpiste agus chuir sé fios ar an otharcarr.

I bpreab na súl bhí an otharcarr in aice liom. Chuir an bhanaltra mé isteach san otharcarr agus chuamar go dtí an t-ospideal.

Chuir an bhanaltra mé sa seomra an doctúra. Bhí mé ina shui ar feadh tamaill. Ar a dó a chlog tháinig an doctiur isteach sa seomra. D’inis sé dom go raibh mó lamh briste agus bhí díoma an domhain orm.

Chuaigh me abhaile agus chuaigh mé isteach sa leaba. Ní dheanfaidh mé dearmad ar an lá sin go deo.

One thought on “Timpiste ar an gcosán le Laurynas”

  1. Maith thú Laurynas, seo scéal ionatach. D’úsaid tú focail deasa agus bhí do scéal suimiúil.
    Coinnigh suas an scríbhneoireacht!

Leave a Reply

Your e-mail address will not be published.